Cnuasach Leabhair Pháistí Éireann ag Leabharlann Ollscoil Bhaile Chathair Átha Cliath

Taispeántas tosaigh faoi Chnuasach Leabhair Pháistí Éireann atá lonnaithe i Leabharlann Ollscoil Bhaile Átha Cliath.

Business to Arts Awards Win for CBI (2021) by Conor McCabeDublin City University Library

Leabhair Pháistí Éireann 

Carthanacht agus eagraíocht náisiúnta ealaíne é Leabhair Pháistí Éireann a bunaíodh i 1997. Cuireann sé ceart an pháiste chun na léitheoireachta chun cinn. Leanann sé obair The Irish Children’s Book Trust agus Children’s Literature Association of Ireland. 

Former Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn reading with a pupil of Gaelscoil Naithí. (2023) by Julien BehalDublin City University Library

Is feachtas uile-oiléanda é a thacaíonn le húdair, maisitheoirí agus foilsitheoirí ó Éirinn nó a d’aimsigh a mbaile anseo. 

CBI at Work (2021) by Piquant MediaDublin City University Library

Cad a dhéanann siad:

Trí imeachtaí, clinicí leabhair, comhdhálacha agus tuilleadh, spreagann siad daoine fásta agus páistí chun grá don léitheoireacht a chothú. 

Children's Books Ireland and DCU Library Launch (2021-12-14) by Kyran O'BrienDublin City University Library

Pairtnéireacht le DCU

Bhunaigh Leabhair Pháistí Éireann comhphartaíocht le Leabharlann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath i 2021 chun a gcnuasach a thabhairt dúinn. Téann cóip amháin de gach leabhar chuig Sainchnuasaigh agus Cartlann DCU le bheith caomhnaithe do thaighdeoirí. 

Dublin City University Library entrance. (2022) by Dublin City UniversityDublin City University Library

Ár dtiomantas do Leabhair Pháistí Éireann

Tógaimid na leabhair a cuirtear isteach dá ngradaim bhliaintiúla chun iad a chaomhnú agus a chur ar fáil do thaighdeoirí inár Seomra Léitheoireachta i Leabharlann Ó Raghallaigh . I 2024, bhí timpeall ar 4,000 leabhar sa chnuasach a léiríonn stair na foilsitheoireachta do pháistí in Éirinn. Leanfaidh an cnuasach ar aghaidh ag fás leis an gcomhpháirtíocht seo.

Sponsorship Agreement (2019) by Julien BehalDublin City University Library

Gradaim Leabhair Pháistí Éireann

Tháinig gradaim bhliantúla Leabhair Pháistí Éireann ar an bhfód i 1990. Urraithe anois ag KPMG (agus Bisto roimhe seo), glactar le hiontrálacha a chomhlíonann na riachtanais seo: saolaíodh an t-údar/maisitheoir in Éirinn nó is saoránach na hÉireann iad, nó tá siad lonnaithe in Éirinn anois. Fáiltítear roimh iarratais i nGaeilge agus i mBéarla. 

Ceremony Photo (2022-05-24) by Julien BehalDublin City University Library

Sé ghradam atá i gceist faoi láthair: Leabhar na Bliana; Gradam Onórach do Shaothar Ficsin; Gradam Onórach don Mhaisiúchán; Gradam Eilís Dillon (do chéad shaothar an duine do pháistí); Gradam Speisialta na Moltóirí; agus Gradam Ghiúiréithe na Óg. 

2022 Winners (2022) by DCUDublin City University Library

2023 Winners (2023-05-24) by Julien BehalDublin City University Library

Cuimsíonn an painéal moltóirí saineolaithe le litríocht agus maisiúchán do pháistí agus cúlra acu sa bhfoilsitheoireacht, leabharlannaíocht, oideachas, agus réimsí gaolmhara. Bíonn beirt Mholtóirí Óga, aois 15+, ar an bpainéal. Daltaí scoile fud fad na tíre a roghnaíonn buaiteoirí Gradam Ghiúiréithe na nÓg. 

2023 Winners (2023) by DCUDublin City University Library

Winning Books Exhibition Case (2023-09-20) by Laura RyanDublin City University Library

An Cnuasach

Thar na blianta, chruinnigh Leabhair Pháistí Éireann bailiúchán mór de leabhair do pháistí. Anois, sin Cnuasach Leabhair Pháistí Éireann.  Téann cóip amháin de gach leabhar chuig Sainchnuasaigh agus Cartlann DCU le bheith caomhnaithe do thaighdeoirí. Téann cóip eile sa chnuasach ginearálta ónar féidir le foireann agus neacha léinn DCU iad a thógáil ar iasacht.

Is minic dúbailtí sa chnuasach: cóip amháin is féidir tógáil ar iasacht agus cóip eile le caomhnú do na glúnta amach romhainn.

Books are portals to other worlds. (2023-09-18) by Laura RyanDublin City University Library

An Cnuasach Béarla

Tá údair na hÉireann ag dul chun na Breataine le bheith foilsithe le fada – ní haon éisceacht iad údáir do pháistí. Tosaíonn an cnuasach Béarla ag tús an fhichiú haois agus formhór na leabhar foilsithe sa Bhreatain Mhór.

Culture Night CBI Exhibition (2023) by Kyran O'BrienDublin City University Library

Forbairt agus Aitheantas

Cé go raibh ag éirí go han-mhaith le scríbhneoirí Éireannacha do dhaoine fásta ag an am seo, ní thiocfadh fás ar an litríocht don óige go dtí na 1980idí.

English Language Collection Case (2023) by Laura RyanDublin City University Library

Forbairt agus Aitheantas

Seo nuair a bunaíodh tithe foilsitheoireachta le diriú ar an litríocht don óige agus, níos déanaí, bunaíodh ionphriontaí Éireannacha de chuid de na foilsitheoirí ón Ríocht Aontaithe. San am céanna, tá méadú ar an aitheantas a fhaigheann scríbhneoirí agus maisitheoirí do pháistí in Éireann agus go hidirináisiúnta.

English Language Collection Panel (2023) by Laura RyanDublin City University Library

Mar aon le hAthbheochan Liteartha na hÉireann, feictear inspioráid ó stair, miotas agus finscéalta na hÉireann sa litríocht don aos óg. Le blianta anuas, tá forbairt tagtha ar na téamaí agus feictear léiriú níos leithne ar an tsochaí nua-aimseartha. Ligeann an cnuasach dúinn breathnú ar na hathruithe seo agus ar éabhlóid na foilsitheoireachta in Éirinn.

Every Child A Reader - Ag Cothú Léitheoirí (2023-09-18) by Laura RyanDublin City University Library

An Cnuasach Gaeilge

The Irish Language Collection 

CBI Irish Language (2023-06-27) by Kyran O'BrienDublin City University Library

An Cnuasach Gaeilge

Ó thús an fhichiú haois, agus le búnú Shaorstát Éireann, cuireadh béim ar fhoilsiú leabhair Ghaeilge do pháistí.

CBI Irish Collections (2023) by Laura RyanDublin City University Library

An Cnuasach Gaeilge

Thug an Stát agus foilsitheoirí éagsúla maoiniú chun litríocht do pháistí a chruthú agus chun aistriúcháin ar leabhair idirnáisiúnta a chur ar fáil, leis an teanga a neartú. Cuireadh béim ar leitheoirí scoile chun cuidiú le teagasc na Gaeilge sa seomra ranga.

Bhí foilsitheoirí ar nós An Gúm, C.S. Ó Fallúin agus Clódhanna Teoranta ag foilsiú na leabhar seo. I bhfad níos déanaí a bunaíodh foilsitheoirí a dhíreodh ar abhár don óige amháin, e.g. Futa Fata, An tSnáithaid Mhór, agus Cló Mhaigh Eo.

Irish Panel, CBI Exhibition (2023) by Laura RyanDublin City University Library

An Cnuasach Gaeilge

I bhfad níos déanaí a bunaíodh foilsitheoirí a dhíreodh ar abhár don óige amháin, e.g. Futa Fata, An tSnáthaid Mhór, agus Cló Mhaigh Eo. Tosaíonn an cnuasach Gaeilge seo sna 1960idí. Léiríonn sé athrú an phointe focais i bhfoilsitheoireacht na Gaeilge don aos óg.

Children's Books Ireland Collection at DCU Library (2023-09-18) by Laura RyanDublin City University Library

Tá an taispeántas digiteach seo bunaithe ar thaispeántas i Leabharlann Uí Chriagáin i nDroim Conrach. Bhí sé léirithe ag foireann Shainchnuasaigh agus Cartlann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus deartha ag Anchor Studios. 

Tap to explore

Tabhair cuairt orainn

Tá leabhair ó Chnuasach Leabhair Pháistí Éireann le feicéail ach coinne a dhéanamh do Sheomra Léitheoireachta Shainchnuasaigh agus Cartlann Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath atá lonnaithe i Leabharlann Uí Raghallaigh i nGlas Naíon. Scríobh ríomhphost chugainn ag specialcollectons.archives[at]dcu.ie chun coinne a dhéanamh. 

Credits: Story

Aithníonn Leabharlann DCU ionchur Laura Ní Riain i bhforbairt an taispeántais seo. Curtha i láthair le buíochas do Leabhair Pháistí Éireann; griangrafadóirí: Julien Behal, Conor McCabe, Kyran O'Brien, Piquant Media agus Laura Ní Riain. Le buíochas do Anchor Studios as an obair dheartha don taispeántas bunaidh.

Credits: All media
The story featured may in some cases have been created by an independent third party and may not always represent the views of the institutions, listed below, who have supplied the content.
Home
Discover
Play
Nearby
Favorites